Ionas gur fearr is féidir linn déileáil le d’fhiosrúchán, déan do mhachnamh le do thoil faoin rogha acu seo a leanas is gaire a thagann don chás.
Má bhí comhfhreagras agat roimhe seo leis an Roinn nó le ceann de na hOifigí nó de na Gníomhaireachtaí a thagann faoina coimirce, chuideodh sé linn an cás a shonrú agus próiseáil a dhéanamh ar an gcás dá luafá an uimhir thagartha.
An mbaineann d’fhiosrúchán le cúrsaí inimirce?
Má bhaineann, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann. Ní bheidh ar chumas rannóg nó rannán eile de chuid na Roinne cuidiú leat más le cúrsaí inimirce a bhaineann an cás.
An iarraidh Saorála Faisnéise is mian leat a dhéanamh?
Tá tuilleadh eolais faoi Shaoráil Faisnéise ar fáil anseo. Ba cheart gach iarraidh a thagann faoi na hAchtanna SF a sheoladh chuig:
Seoladh | An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise |
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais | |
51 Faiche Stiabhna | |
Baile Átha Cliath 2 | |
D02 HK52 | |
Fón: | + 353 1 6028202 Ext. 8408/8417 |
Íosghlao: | 1890 221 227 Ext. 8408/8417 |
Rphost: | foi@justice.ie |
An mian leat teagmháil a dhéanamh le ceann dár gcuid Oifigí nó Gníomhaireachtaí?
Cé go bhfuil rannóga agus rannáin éagsúla sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais féin, tá Oifigí agus Gníomhaireachtaí eile a thagann faoi choimirce na Roinne chomh maith.
Tugtar anseo liosta de na hOifigí agus Gníomhaireachtaí uile a thagann faoi scáth na Roinne. Sa chás gur le comhlacht acu sin a bhaineann fiosrúchán, is chuig an gcomhlacht sin féin ba chóir an comhfhreagras a sheoladh go díreach agus tá naisc le láithreán gréasán gach ceann de na comhlachtaí sa liosta thuas.
Fiosrúcháin eile
Sa chás nach mbaineann d’fhiosrúchán leis na catagóirí a leagtar amach thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn leis an bpost, ar an teileafón nó le ríomhphost, mar seo a leanas:
Seoladh: | An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais |
51 Faiche Stiabhna | |
Baile Átha Cliath 2 | |
D02 HK52 | |
Fón: | +353 1 6028202 |
Íosghlao: | 1890 221 227 |
Faics: | + 353 1 661 - 5461 |
Website: | www.justice.ie |
Rphost: | info@justice.ie |
Tá teacht freisin ar shonraí comhfhreagrais maidir leis na Ranna Rialtais, na hOifigí Stáit agus na Gníomhaireachtaí Stáit, an Roinn seo agus na comhlachtaí a bhaineann léi san áireamh, in Eolaire an Stáit 2015.
Cá bhfuil an Roinn?