Tionólfar reifreann ar Airteagail 41.3.2 agus 41.3.3 den Bhunreacht a leasú i mí na Bealtaine, i gcomhthráth leis na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla
 

26 Márta 2019

Inniu, d’fhógair Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, foclaíocht na leasuithe ar na forálacha Bunreachtúla maidir leis an gcolscaradh a molfaidh an Rialtas iad don reifreann a thionólfar i gcomhthráth leis na vótaí do na toghcháin Eorpacha agus áitiúla i mí na Bealtaine 2019. Déanfaidh an tOireachtas breithniú ar na leasuithe molta anois. 

Dúirt an tAire Flanagan:

“I mí na Bealtaine, iarrfar ar an bpobal leasú ar Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht a cheadú chun deireadh a chur leis an gceanglas go mbeadh ceithre bliana ar a laghad caite ag céilí ag cónaí ar leithligh óna chéile as na cúig bliana roimhe sin tráth an iarratais ar cholscaradh.  Tá sé beartaithe ag an Rialtas an tréimhse cónaithe ar leithligh a laghdú go dhá bhliain ar a laghad as na trí bliana roimhe sin agus gnáthreachtaíocht a rith chun é sin a dhéanamh.

“Má ritear an reifreann, tabharfaidh an Rialtas Bille ar aghaidh lena leasófar alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh a laghdú go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin.”

Moltar go gcoimeádfar na ceanglais Bhunreachtúla gur dheimhin leis an gCúirt nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí agus go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí agus le haghaidh aon leanaí.

Dúirt an tAire Flanagan freisin:

“Chomh maith leis sin, tabharfaidh an reifreann deis dúinn nuachóiriú a dhéanamh ar an bhforáil maidir le haithint colscarthaí coigríche atá in Airteagal 41.3.3 den Bhunreacht.  Iarrfar ar an bpobal téacs nua a cheadú, áit a gcuirfear téacs sothuigthe in ionad na forála sin. Forálfar go soiléir leis an téacs go bhféadfaidh an tOireachtas reachtaíocht a rith le haghaidh aithint colscarthaí coigríche a deonaíodh faoin dlí sibhialta atá i bhfeidhm i Stát eile.”

Tabharfar na leasuithe ar aghaidh trí bhíthin leasuithe ar an mBille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Colscaradh), 2016, ar Bille Comhaltaí Príobháideacha é a thug an tAire Josepha Madigan (an Teachta Josepha Madigan ag an am) isteach.  Tá an Bille sin ar feitheamh Chéim na Tuarascála i nDáil Éireann faoi láthair.

D’fhoilsigh an tAire dréacht-Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) (Leasú) mar eolas don phobal freisin.  Má ritear an reifreann, tabharfaidh an Rialtas Bille – a bheidh ag teacht le héirim na Scéime Ginearálta – ar aghaidh lena leasófar alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh atá sonraithe san Acht sin a laghdú go 2 bhliain le linn na 3 bliana roimhe sin (ó 4 bliana le linn na 5 bliana roimhe sin).

 

Dúirt an tAire Flanagan: 

“Tabharfaidh an reifreann tábhachtach seo deis do mhuintir na hÉireann a dtuairim a chur in iúl ar shaincheist a théann i bhfeidhm, ar an drochuair, ar dhaoine ar fud na tíre.

“Cuireann an cliseadh doréitithe pósta an-bhrón agus an-imní ar gach duine atá i gceist. Ba mhaith leis an Rialtas a chinntiú go mbeidh an próiseas le haghaidh colscaradh a fháil cothrom, díniteach agus daonnachtúil agus go gcumasóidh sé don bheirt lena mbaineann bogadh ar aghaidh lena saol laistigh de thréimhse ama réasúnach.  

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt an athuair don obair a rinne an tAire Josepha Madigan, comhghleacaí de mo chuid, ar an mBille Comhaltaí Príobháideacha uaithi, rud a thosaigh an díospóireacht reachtach ar an tsaincheist seo.  Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht traspháirtí leathan a tugadh san Oireachtas do na hathruithe molta.

“Tá sé foghlamtha againn le himeacht ama gur trí reachtaíocht mhionsonraithe a thabhairt ar aghaidh san Oireachtas, seachas trínár mBunreacht, ba cheart plé le ceisteanna casta beartais shóisialta.  Ní bheidh aon athrú ann ar na prionsabail bhunúsacha ná na cosaintí bunúsacha a bhaineann leis an gcolscaradh.  Dá mbainfí an tréimhse ama ón mBunreacht, áfach, thabharfaí tuilleadh solúbthachta don Oireachtas reachtaíocht a rith chun go maolófaí an t-ualach ar dhaoine atá ag dul trí chliseadh pósta agus atá ar lorg tús nua.  Táim ag moladh Bille lena laghdófar an tréimhse cónaithe ar leithligh go dhá bhliain. Ar an mbealach sin, beidh daoine in ann iarratas a dhéanamh ar cholscaradh tráth níos luaithe.  Faoi mar atá an scéal faoi láthair, fágann an tréimhse idirscartha fhada a cheanglaítear faoin mBunreacht gur minic a lorgaíonn lánúineacha idirscaradh breithiúnach sula bhfaigheann siad colscaradh, agus iad thíos leis na costais dlí agus leis an strus breise a ghabhann leis sin.” 

Ina theannta sin, dúirt an tAire Flanagan go gcoinneofaí i bhfeidhm na cosaintí bunreachtúla a bhaineann le colscaradh a dheonú: 

“Má ritear an reifreann, coinneofar sa Bhunreacht na forálacha reatha ina bhfuil na ceanglais nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí agus go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí agus le haghaidh aon leanaí. Is amhlaidh go fóill gurb í an Chúirt, agus an Chúirt amháin, a fhéadfaidh colscaradh a dheonú.” 

Maidir le haithint colscarthaí coigríche a deonaíodh lasmuigh den Stát, dúirt an tAire Flanagan: 

“Tá an teanga in Airteagal 41.3.3, lena bpléitear le haithint colscarthaí coigríche, ag teacht le tréimhse inár stair nuair a bhí an colscaradh toirmiscthe go sainráite faoin mBunreacht.  Tabharfaidh an reifreann i mí na Bealtaine sárdheis dúinn an fhoráil sin a nuachóiriú.”  

An 26 Feabhra 2019, rinne an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ordú faoi Acht an Reifrinn, 1998, lenar bunaíodh Coimisiún Reifrinn reachtúil neamhspleách don reifreann ar an gcolscaradh atá le teacht. De réir Acht 1998, rinne an Príomh-Bhreitheamh an Breitheamh Onórach Tara Burns a ainmniú mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún.

Is féidir an téacs de Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) (Leasú) a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag http://www.justice.ie/en/JELR/Draft_of_General_Scheme_of_Family_Law_(Divorce)_(Amendment)_Bill%20_-_March_2019.pdf/Files/Draft_of_General_Scheme_of_Family_Law_(Divorce)_(Amendment)_Bill%20_-_March_2019.pdf

CRÍOCH

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Beartaíonn an Rialtas, faoi réir ceadú a fháil ón Dáil agus ón Seanad, gurb iad seo a leanas na leasuithe ar an mBunreacht a mholfar sa reifreann:

(a) an mhír seo a leanas a scriosadh ó Airteagal 41.3.2° den Bhunreacht:

 

“i             go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,”, agus

(a) an fo-alt seo a leanas a scriosadh ó Airteagal 41.3 den Bhunreacht:

 

“3° I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeadh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin an fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.”,

 

agus an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:

 

“3º Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun aitheantas a thabhairt faoi dhlí an Stáit do scaoileadh ar phósadh arna thabhairt faoi dhlí sibhialta stáit eile.”

 

 

1. Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht a leasú chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh a bhaint do chéilí atá ar lorg colscartha; agus

 

2. Foráil nua a chur in ionad an téacs atá in Airteagal 41.3.3 faoi láthair, ar foráil í lena gcumasófar don Oireachtas reachtaíocht a rith le haghaidh colscaradh a deonaíodh faoi dhlí sibhialta aon stáit eile a aithint faoi dhlí an Stáit. 

 

 

Bille Comhaltaí Príobháideacha a thug an tAire Josepha Madigan (an Teachta Josepha Madigan ag an am) isteach ba ea an Bille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Colscaradh), 2016. Beartaíodh leis an mBille Airteagal 41.3.2(i) den Bhunreacht a leasú chun an íostréimhse nach mór a bheith caite ag céilí ag cónaí ar leithligh óna chéile sula bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar cholscaradh a laghdú ó cheithre bliana le linn na gcúig bliana roimhe sin go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin.  Cé go bhfuil an Rialtas i bhfách le prionsabal an Bhille, measann sé, tar éis dó anailís a dhéanamh, comhairle dlí a fháil agus dul i gcomhairle le gach taobh san Oireachtas, gur fearr i bhfad aghaidh a thabhairt ar an réimse casta seo de bheartas sóisialta tríd an tréimhse cónaithe ar leithligh a bhaint ón mBunreacht ionas go bhféadfaí plé léi i ngnáthreachtaíocht ón Oireachtas.  Tá sé beartaithe ag an Rialtas leasuithe a thabhairt ar aghaidh ar an mBille chun an leasú ar an gcolscaradh a mholadh le haghaidh an reifrinn i mí na Bealtaine.  Má ritear é, rithfidh an Rialtas reachtaíocht lena laghdófar an tréimhse cónaithe ar leithligh go dhá bhliain as na trí bliana roimhe sin.  Tá an Freasúra i bhfách leis an togra seo.  Tá an Bille ar feitheamh Chéim na Tuarascála sa Dáil faoi láthair.

Fís Amháin Státseirbhís