Fógraíonn an tAire Flanagan gur chomhaontaigh an Rialtas comhairliú don Uachtarán an ceart maithiúnais Bunreachtúil atá aige a fheidhmiú chun maithiúnas iarbháis a dheonú don Uas. Myles Joyce, a ciontaíodh i ndúnmharuithe i Mám Trasna sa bhliain 1882

Cinntear i saintuarascáil gur ciontaíodh Myles Joyce go héagórach sa chás cáiliúil stairiúil seo

 28 Márta 2018

Fuair Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ceadú ón Rialtas tráthnóna inné (Dé Máirt) chun a mholadh don Uachtarán Ó hUiginn go bhfeidhmeodh sé an ceart maithiúnais atá aige, de réir Airteagal 13.6 den Bhunreacht, chun Maithiúnas iarbháis ón Uachtarán a dheonú don Uas. Myles Joyce, a ciontaíodh i ndúnmharuithe Mhám Trasna agus a cuireadh chun báis i mí na Nollag 1882.

Is sna cúinsí is fiúntaí amháin ba cheart Maithiúnas ón Uachtarán a dheonú. Bunaithe ar an bhfianaise sa chás seo lena dtugtar le fios go soiléir gur ciontaíodh go héagórach é, chinn an tAire Flanagan agus a chomhghleacaithe Rialtais gur cuí a mholadh don Uachtarán Maithiúnas iarbháis ón Uachtarán a dheonú do Myles Joyce.

Dúirt an tAire Flanagan:

“Is annamh a dheonaítear Maithiúnas ón Uachtarán agus is gá cás fíorláidir a bheith ann sula ndéanfaidh an Rialtas breithniú ar mholadh a dhéanamh don Uachtarán. 

“Is cás an-cháiliúil é an cás seo, go háirithe in Iarthar na hÉireann, agus féachtar go forleathan air mar chás soiléir inar ciontaíodh duine go héagórach. Féachtar mar éagóir stairiúil air freisin.  Agus mé ag teacht ar chinneadh ar an ní seo, rinne mé breithniú cúramach ar an gcomhairle dlí ón Ard-Aighne agus ar an tsaintuarascáil a choimisiúnaigh an Taoiseach roimhe. 

“Cé nach raibh i Myles Joyce ach duine amháin, thuig mé, agus an cinneadh á dhéanamh agam, an siombalachas a bhaineann leis an maithiúnas seo agus a thábhachtaí atá sé dá bharr sin. 

“Chuir an tAire Ó hUiginn dúspéis phearsanta sa chás seo agus tá sé pléite agam leis roinnt uaireanta.  Chuir an Taoiseach Leo Varadkar an cinneadh ón Rialtas in iúl don Uachtarán Ó hUiginn.”

I mí Lúnasa 1882, bhí Myles Joyce ar dhuine amháin den deichniúr fear ón gceantar áitiúil a gabhadh agus a cúisíodh i gcúigear den aon teaghlach amháin a dhúnmharú i Mám Trasna, atá suite ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo. Crochadh triúr fear as na coireanna, Myles ina measc.  Díreach sular cuireadh chun báis iad, d’admhaigh beirt de na fir ar leithligh gurbh iadsan a bhí ciontach sna coireanna agus nach raibh aon bhaint ag Myles Joyce leo. Measadh nár leor an admháil sin chun an cur chun báis a iarchur ná a chúlghairm agus, i mí na Nollag 1882, crochadh Myles Joyce in éineacht leis an mbeirt eile as na dúnmharuithe.

Tá ceisteanna tagtha chun cinn ó shin i leith maidir le sláine a chiontaithe. Cuireadh mórábhair amhrais in iúl maidir lena iontaofa atá cuid mhór den fhianaise a úsáideadh chun an tUas. Joyce a chiontú.

Tar éis dó comhairle dlí a fháil ón Ard-Aighne, choimisiúnaigh an Taoiseach Enda Kenny an Dr Niamh Howlin ó Scoil Dlí Sutherland sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chun sain-athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.  Sa scrúdú uaithi, tháinig an Dr Howlin ar an gconclúid gurb ann do roinnt tosca, lena n-áirítear na ráitis ó fhinnéithe agus na próisis agus na nósanna imeachta a úsáideadh le linn na trialach, lena gcuirtear ina luí uirthi gur neamhshlán a bhí ciontú an Uas. Joyce.

Luaitear an méid seo a leanas sa tuarascáil ón Dr Howlin:

“Léirítear an téarma ‘ciontú éagórach’ ar dhá bhealach dhifriúla.  Is é an chéad bhealach, ar féidir léiriú tuata a thabhairt air, ná gur ciontaíodh duine atá neamhchiontach go fíorasach.  Sa léiriú dlí, dírítear ar na nósanna imeachta agus na próisis a úsáideadh chun an ciontú a áirithiú – is é sin, cé acu a cloíodh nó nár cloíodh le gnásanna dlí amhail rialacha fianaise le linn an cion líomhnaithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh. 

“I gcás Myles Joyce, is féidir an léiriú dlí agus an léiriú tuata araon a úsáid chun teacht ar an gconclúid gur ciontaíodh go héagórach é.

“De réir na gcaighdeán ceartais choiriúil a bhí i réim ag an am, b’éagothrom a bhí triail, ciontú agus cur chun báis Myles Joyce.”

Ghabh an tAire Flanagan buíochas leis an Dr Niamh Howlin as an tsaintuarascáil uaithi agus d’fhógair sé go bhfuil sé beartaithe aige an tuarascáil a fhoilsiú.

 Críoch


Nóta d’Eagarthóirí:

Fís Amháin Státseirbhís