7 Márta 2016

Ba mhór an t-údar brón don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Proinsias Mhic Gearailt TD, cloisteáil faoi bhás tobann an bhreithimh den Chúirt Uachtarach An Breitheamh Onórach an tUasal Adrian Hardiman. Dúirt an tAire, “Is mian liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile an Bhreithimh Hardiman, an breitheamh ar scor Yvonne Murphy agus dá dtriúr mac faoi bhás tobann fíorbhrónach a n-athar agus a fear céile. Cosantóir na bunreachta a bhí ann nach raibh scáth ná eagla air agus bhí cumas intleachtúil éachtach ag an bhfear seo, a rinne obair mhór le linn a shaoil. Braithfidh gach duine a raibh aithne acu air agus grá acu dó go mór uathu é.”

CRÍOCH

 

Nóta do na heagarthóirí:

 

Fís Amháin Státseirbhís