Inrochtaineacht

Cúnamh d’Úsáideoirí faoi Mhíchumas

Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tiomanta do leibhéal comhréireachta A-faoi-Thrí leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán a bhaint amach a d’fhorbair an Tionscnamh Inrochtaineachta ar an nGréasán (WAI) agus a chomhlíonann Treoirlínte Inrochtaineachta IT an Údaráis Náisiúnta Míchumais.

Tá cur síos thíos ar roinnt de na gnéithe atá san áireamh chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas.

 

Úsáid á baint as an Eochair Tab chun Léim idir na Naisc

Féadfaidh tú an eochair Tab ar do mhéarchlár a úsáid le léim ó nasc amháin go dtí an chéad cheann eile. Cuireann na barraí nascleanúna go léir ar an suíomh ord loighciúil ar fáil lena aghaidh seo.
 

Aicearraí Méarchláir

Úsáidtear na heochracha rochtana seo a leanas ar an suíomh:

S – Scipeáil Nascleanúint
1 –Leathanach Baile
2 –Déan Teagmháil Linn
4 –Mapa Suímh
6 –Cuardaigh
7 – Naisc Úsáideacha
9 –Inrochtaineacht (an leathanach seo)

Leis na heochracha rochtana seo a úsáid coinnigh síos an eochair Alt, Ctrl nó Cmd, ag brath ar cén brabhsálaí atá in úsáid agat, and ansin brú an eochair. Má tá Internet Explorer in úsáid agat, beidh ort Enter a bhrú tar éis díriú ar nasc.

 

Formáidí Doiciméid

Tá cuid mhór de na foilseacháin ar an suíomh gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF chun léitheoireacht níos éasca agus priontáil as líne a chumasú. Ní bhíonn rochtain ar fáil go héasca ag daoine faoi mhíchumas ar an bhformáid seo. Dá bharr seo, tá achoimrí curtha ar fáil le formhór na ndoiciméad againn, a chuidíonn le formáid eile a chur ar fáil ar na doiciméid PDF.

Chun doiciméid PDF a léamh ní mór duit Adobe Reader a bheith agat ar do ríomhaire. Íoslódáil Adobe Reader saor in aisce .

 

Áiseanna Nascleanúna

Tá mion-nasc ar fáil ag barr gach leathanaigh le cuidiú leat nascleanúint a dhéanamh.
Áirítear bosca cuardaigh (eochair rochtana 6) ar an leathanach baile agus ar gach leathanach inmheánach.
Tá roghanna cuardaigh casta ar fáil freisin.
Ceadaíonn an nasc Scipeáil Nascleanúint ar cheanntásc an tsuímh duit an nascleanúint a scipeáil agus dul díreach go dtí an príomhábhar ar gach leathanach.

 
Íomhánna

Áirítear aitreabúidí ALT i ngach ábhar agus íomhá mhaisiúil ar an suíomh seo. Cuirtear teidil ALT ar fáil chun an t-ábhar nó cuspóir na híomhá atá i gceist a mhíniú.

 

Úsáideoirí atá Dathdhall nó Caoch

Féadfaidh tú méid an chló a mhéadú nó a laghdú nó a shárú ar fad.

Tá seiceáil déanta againn ar mhéid an chló agus ar chomhcheangail na ndathanna cúlra do na coinníollacha dathdhaille difriúla agus chinntíomar nach ndéantar tagairt do mhíreanna trí dhath amháin.

 

Déan Teagmháil Linn

Má thagann tú ar dheacrachtaí ar bith agus an suíomh seo in úsáid agat, cuir in iúl dúinn é le do thoil trí r-phost a sheoladh chuig ár stiúrthóir gréasáin ag pagemaster@justice.ie.

 

Fís Amháin Státseirbhís