9 Bealtaine 2019

Rinne Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, seoladh inniu ar mhórfheachtas náisiúnta feasachta ar chiapadh gnéasach agus foréigean gnéasach. Is é is ‘No Excuses’ ann ná feachtas ardtionchair sna meáin a bhfuil mar aidhm aige lucht féachana agus éisteachta náisiúnta a shroicheadh. Áirítear leis fógraíocht ar an teilifís, sa phictiúrlann, ar an raidió, amuigh faoin spear agus sna meáin shóisialta agus fógraíocht dhigiteach.

Beidh an feachtas ar siúl ar feadh trí bliana go dtí an bhliain 2021. Craolfar na chéad fhógraí teilifíse amárach (an Aoine an 10 Bealtaine). Léireofar fir agus mná araon mar dhéantóirí foréigin agus mar íospartaigh foréigin sna chéad fhógraí. Pléitear roinnt cásanna éagsúla iontu, lena n-áirítear ciapadh gnéasach san áit oibre, aird fhisiciúil neamhiarrtha i dteach tábhairne, iarracht duine éigin a nochtadh i seomra locar, iarracht iallach a chur ar pháirtnéir páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghnéasach neamhiarrtha agus, sa deireadh, iarracht teacht i dtír ar dhuine éigin nach bhfuil in ann toiliú a thabhairt.

Dúirt an tAire Flanagan: “Léirítear sa taighde go bhfuil ciapadh gnéasach agus foréigean gnéasach in Éirinn ar leibhéil chomh hard sin gur ábhar mór imní iad. Sna fógraí seo, leagtar béim ar na hiompraíochtaí sin agus ar na rudaí éagsúla a thagann rompu agus cabhraítear le daoine iad a aithint. Iarrtar orainn iontu machnamh a dhéanamh ar ár bhfreagairtí féin agus gan leithscéal a dhéanamh do chiapadh gnéasach agus foréigean gnéasach a thuilleadh. Tá súil agam go gcabhróidh na fógraí le gach duine againn breathnú ar iompraíochtaí den sórt sin agus ar na rudaí a thagann rompu mar nithe atá do-ghlactha ar fad, agus é mar sprioc dheiridh acu teagmhais chiaptha ghnéasaigh agus foréigin ghnéasaigh a laghdú agus a chosc. Is teagmhais iad a théann i bhfeidhm ar an iomarca daoine inár sochaí ar bhealach díreach agus ar bhealach indíreach araon.”

An 8 Márta 2019, a bhí ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, d’fhoilsigh WIN International staitisticí mar chuid de Shuirbhé Domhanda WIN don bhliain 2018. Sna staitisticí sin, rangaíodh 40 tír ó thaobh comhionannas inscne, ciapadh gnéasach agus foréigin de. Ba é Red C Research a rinne an taighde in Éirinn. Tuairiscíodh sa suirbhé gur ag Éirinn atá an leibhéal is airde ciaptha ghnéasaigh mhaíte san Eoraip. Chuir 32% de mhná Éireannacha idir 18 mbliana d’aois agus 34 bliana d’aois in iúl gur fhulaing siad cineál éigin ciaptha ghnéasaigh le 12 mhí anuas.  Ba é sin an leibhéal ab airde san Eoraip agus an dara leibhéal ab airde as an 40 tír ar fad a ndearnadh suirbhé orthu. Ní raibh ach Meicsiceo níos measa.

Bíonn ag méadú ar an líon cionta gnéasacha tuairiscithe freisin. Thaifead an Garda Síochána 3,182 choir ghnéasacha anuraidh. B’ionann é sin agus méadú 26% i gcomparáid leis an mbliain 2017. Cé gur féidir cuid den mhéadú sin a chur síos do thoilteanas méadaithe le coireanna a thuairisciú, rud ar cheart fáilte a chur roimhe, ní léirítear san fhigiúr tuairiscithe ach cuid de leitheadúlacht iomlán na gcoireanna sin toisc go nglactar leis de ghnáth go ndéantar coireanna gnéasacha a ghanntuairisciú go mór.  

Dúirt an tAire freisin: “Is é aidhm an fheachtais seo an pobal a spreagadh machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhfreagraímid do chásanna éagsúla ciaptha ghnéasaigh agus foréigin ghnéasaigh fhéideartha atá forleathan sa tsochaí, breithniú a dhéanamh ar an méid a dhéanaimid leithscéal do theagmhais nó a thugaimid míniú ar leith orthu nuair a fheicimid iad, agus iarraidh orainn gan leithscéal a dhéanamh dóibh a thuilleadh. Ba mhaith linn go spreagfaí sinn go léir leis an bhfeachtas a fhiafraí dínn féin: ‘Cén dearcadh atá againn go díreach i leith ciapadh gnéasach agus foréigean gnéasach? An bhfuilimid ag cur suas leis? An bhfuilimid ag déanamh leithscéal dó?’ Agus, má tá, fiú má táimid á dhéanamh go pointe beag, táimid ag éascú cultúr ina bhfuil sé fíordhoiligh d’íospartaigh a dtuairimí a chur in iúl agus cabhair agus tacaíocht a fháil.”

Tá an feachtas á reáchtáil ag Cosc – an Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc, atá bunaithe sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá an feachtas mar chuid den Dara Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe 2016-2021. Tagann an feachtas ‘No Excuses’ sna sála ar an bhfeachtas feasachta ar fhoréigean baile darb ainm ‘whatwouldyoudo?’, a bhí ar siúl ar feadh trí bliana ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2018.

Fuarthas cistiú is fiú €950,000 chun an feachtas a reáchtáil sa bhliain 2019. De bhreis air sin, bronnadh cistiú is fiú €171,000 faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin freisin chun teachtaireacht an fheachtais a logánú. Faoi réir an cistiú riachtanach a bheith á chur ar fáil, tá sé beartaithe leanúint leis an bhfeachtas agus é a fhorbairt ar feadh 3 bliana go dtí an bhliain 2021.

Cuirtear an lucht féachana agus éisteachta ar an eolas faoi shuíomh Gréasáin an fheachtais ag gov.ie/noexcuses sna fógraí freisin. Tugtar tuilleadh faisnéise ar an suíomh Gréasáin mar aon le comhairle maidir le conas is féidir cabhair a thabhairt sna cásanna sin.

CRÍOCH

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Físeáin ar fáil lena sruthú

Beidh na chéad fhógraí teilifíse atá á n-úsáid san fheachtas seo ar fáil ar líne. Craolfar an chéad fhógra dar teideal ‘An bhfuil fadhb againn in Éirinn’ ón Aoine go dtí an Domhnach agus beifear in ann amharc air ag https://youtu.be/7-dObP2ms20. Craolfar an príomhfhogra dar teideal ‘Stopaimis ag déanamh leithscéalta’ ón Luan i leith agus beifear in ann amharc air ag https://youtu.be/P9_MheuRxPM. Beidh na fógraí sin ar fáil ar YouTube ó thart ar 10.30am ar maidin.

Tá cead ag eagraíochtaí meán an t-ábhar sin a shruthú in aon ailt a scríobhfaidh siad faoin bhfeachtas.

 

Idirghabháil i gcásanna ciaptha ghnéasaigh agus foréigin ghnéasaigh

Níor cheart d’fhéachadóirí ná d’fhinnéithe ar theagmhas ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh idirghabháil ach amháin i gcás go bhfuil sé sábháilte agus dleathach déanamh amhlaidh. Cuardaigh suíomh Gréasáin an fheachtais ag gov.ie/noexcuses chun faisnéis agus comhairle a fháil.  Níor cheart do dhaoine idirghabháil go díreach i gcás go bhfuil an staid foréigneach cheana féin nó go bhfuil an chuma ar an scéal go n-éireoidh an staid níos measa go tapa.  Cuir glao ar an nGarda Síochána ar 999.  Is é cúnamh neamhfhoréigneach an t-aon chineál cúnaimh atá éifeachtach.

 

Bearta an Rialtais chun dul i ngleic le coireacht ghnéasach

Is é an Dara Straitéis Náisiúnta um fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe 2016-2021 ón Rialtas an creat beartais foriomlán le haghaidh dul i ngleic leis na saincheisteanna sin. Faoin Straitéis, tá raon leathan gníomhartha á ndéanamh ag Ranna Rialtais agus ag Gníomhaireachtaí éagsúla mar chuid de fhreagairt uile-Rialtais do dhul i ngleic le foréigean gnéasach. 

Tá an feachtas náisiúnta feasachta ar fhoréigean baile agus gnéasach 2016-2021 ar cheann de na príomhghníomhartha faoin Dara Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe 2016-2021 agus faoin bPlean Gníomhaíochta atá ar fáil ag cosc.ie. Tar éis próiseas dian tairisceana ar reáchtáil an tAontas Eorpach é, bronnadh conarthaí le haghaidh an feachtas a sheoladh ar TBWA\Dublin, gníomhaireacht in earnáil na cruthaitheachta, agus ar PHD, gníomhaireacht in earnáil an cheannaigh mheán.  Tá na gníomhaireachtaí ag obair le Cosc chun an feachtas a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

 

Dlíthe a neartú

Rinneadh athchóiriú agus neartú suntasach le blianta beaga anuas ar na dlíthe atá i bhfeidhm againn chun tacú le híospartaigh na coireachta. Mar chuid den obair sin, tugadh isteach an tAcht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017, lena dtugtar cearta reachtúla nua d’íospartaigh uile na coireachta in Éirinn. Tugadh isteach leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017, sainmhíniú reachtúil ar thoiliú. Achtaíodh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú), 2019, le déanaí agus tugtar isteach leis pianbhreitheanna íosta toimhdean i leith athchionta gnéasacha.

An 1 Bealtaine 2019, fuarthas ceadú ón Rialtas le haghaidh leasuithe a dhréachtú, mar ábhar tosaíochta, ar an mBille um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2017.

Ag teacht sna sála ar thuarascáil ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí maidir le Cumarsáid Dhochrach agus Sábháilteacht Dhigiteach sa bhliain 2016, chuir an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tús le réamhobair ar a reachtaíocht féin a fhorbairt ina leith sin. Chomhaontaigh an Rialtas stopadh ag obair ar a Bhille féin ina dhiaidh sin, áfach, agus ghlac sé leis an mBille ón Teachta Howlin, atá bunaithe ar na moltaí ón gCoimisiún.

 

Foráiltear leis an mBille do na príomhghnéithe den dlí coiriúil atá sa tuarascáil ón gCoimisiún agus beartaítear leis go ndéanfar cionta de na nithe seo a leanas:

Foráiltear leis an mBille do na nithe seo a leanas freisin:

Forálfar leis na leasuithe ón Rialtas freisin do chion ar leith a dhéanamh den rud ar a dtugtar ‘uas-sciortáil’, ar cineál eile ciona íomhábhunaithe é.

 

Aonaid Rannáin an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta

Tá Aonaid Rannáin um Sheirbhísí Cosanta á gcur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána i ngach ceann de na 28 rannán póilíneachta atá ann sa tír faoi láthair. Cuirfidh na hAonaid go mór leis na seirbhísí atá ar fáil d’íospartaigh (leanaí san áireamh) trí fheabhas a chur ar an dóigh a n-imscrúdaítear teagmhais foréigin ghnéasaigh agus trí rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú.

Tá Oifigí Seirbhísí d’Íospartaigh i bhfeidhm i ngach Rannán Gardaí anois, agus iad ag tabhairt tacaíocht níos fearr d’íospartaigh na coireachta.

 

An Suirbhé Náisiúnta ar Leitheadúlacht an Fhoréigin Ghnéasaigh

Cheadaigh an Rialtas mórshuirbhé náisiúnta ar leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh freisin, rud a seolfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh é. Cuirfidh sé sin go mór leis an mbonn fianaise a bheidh ann amach anseo le haghaidh ceapadh beartais phoiblí ina leith sin. Agus an suirbhé mórscála sin á dhéanamh aici, féachfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh go mion ar eispéireas na bhfear agus na mban in Éirinn ar fhoréigean gnéasach agus ar dhrochúsáid ghnéasach. Seolfar suirbhéanna leantacha gach deich mbliana.

Cuirfidh sé sin ar chumas an Stáit tabhairt faoi chlár leanúnach taighde ar an gcaighdeán is airde agus déanamh amhlaidh ar bhealach eiticiúil tuisceanach chun a chinntiú go dtáirgfear tacar láidir sonraí lena gcuirfear bonn eolais faoin mbeartas Rialtais.  Cuireadh cistiú is fiú €150,000 ar fáil don bhliain 2019 chun cur ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh an réamhthaighde teicniúil atá riachtanach a dhéanamh. Tá sé comhaontaithe i bprionsabal ag an Rialtas gurb amhlaidh, a luaithe is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buiséid mhionsonraithe a chur le chéile tar éis an réamhobair a dhéanamh, go gcuirfear aon acmhainní atá riachtanach ar fáil ionas gur féidir an suirbhé a sheoladh.

 

Athbhreithniú ar Fhinnéithe Soghonta sa Phróiseas Dlíthiúil

Sa bhliain 2018, thosaigh an tAire athbhreithniú ar na cosaintí a thugtar d’fhinnéithe soghonta le linn cionta gnéasacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Tá an t-athbhreithniú faoi chathaoirleacht ag Tom O’Malley agus pléitear ann leis an dóigh a gcaitear le finnéithe soghonta sa phróiseas dlíthiúil, ón tráth a thuairiscítear cion go dtí go gcuirtear aon imeachtaí cúirte i gcrích.

Tá dea-dhul chun cinn déanta ar an athbhreithniú agus tá an tAire ag tnúth leis na moltaí ón ngrúpa a fháil.

 

Tionscnaimh eile

Stiúir an Roinn Sláinte Athbhreithniú Beartais ar Aonaid Chóireála Ionsaithe Ghnéasaigh, rud ar ghlac an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais páirt ann. Sheol an tAire Harris an tuarascáil ón athbhreithniú le déanaí. Trí na moltaí ón athbhreithniú a chur chun feidhme, cinnteofar seirbhís níos fearr d’íospartaigh na coireachta gnéasaí agus iad ag freastal ar na hAonaid Chóireála. 

Rinne Mary Mitchell O’Connor, an tAire Stáit don Ardoideachas, Creatdoiciméad a sheoladh le déanaí ina leagtar amach creat d’earnáil an Ardoideachais le haghaidh toiliú a chur chun cinn agus foréigean gnéasach a chosc.

I gcomhthreo leis an obair sin, leanann an Stát le hacmhainní airgeadais suntasacha a chur ar fáil chun dul i ngleic le foréigean gnéasach. Mar shampla, déanfaidh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, cistiú is fiú €25.3 milliún a leithdháileadh ar Sheirbhísí Foréigin Bhaile, Ghnéasaigh agus Inscnebhunaithe sa bhliain 2019. Is ionann é sin agus méadú €4.9 milliún ar an bhfigiúr don bhliain 2015.

Fís Amháin Státseirbhís