10 Bealtaine 2018

Rinne Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, pleananna le haghaidh Bille Parúil nua a leagan amach ar maidin le linn Chomhdháil an Bhoird Pharúil ag Dlí-Chumann na hÉireann, Plás Blackhall.

Agus é ag míniú go gcuirfear an Bord Parúil ar bhonn reachtúil leis an mBille nua, labhair an tAire faoina thábhachtaí a bhí sé seasaimh dhifriúla a chur san áireamh agus an Bille á dhréachtú.

“Níl aon amhras ann gur saincheist íogair é an parúl.  Cosúil le cuid mhór saincheisteanna eile, is é an aidhm atá againn anseo cothromaíocht a bhaint amach… is é sin, cothromaíocht idir na cearta agus na riachtanais atá ag íospartaigh, ag ciontóirí agus ag an tsochaí i gcoitinne.  Gné lárnach den chóras ceartais choiriúil is ea iarracht a dhéanamh an t-athchiontú a laghdú agus a chinntiú nach ndéanfar aon díobháil eile d’íospartaigh ná don tsochaí. Creidim go bhfuil sé tábhachtach a chur in iúl, áfach, nach dtéann an parúl chun tairbhe do phríosúnaigh amháin.  Is féidir leis dul chun tairbhe don tsochaí freisin i gcás go gcabhraíonn sé le príosúnaigh a athshlánú agus a athimeascadh isteach sa phobal.”

Leag an tAire Flanagan béim ar leith ar an tábhacht a chuirtear ar íospartaigh sa reachtaíocht nua atá beartaithe: “Maidir le híospartaigh, foráiltear leis an mBille Parúil gurb amhlaidh, i gcás go bhfuil athbhreithniú nó éisteacht sceidealta, go dtabharfaidh an Bord fógra don íospartach lena mbaineann go bhfuil athbhreithniú nó éisteacht den sórt sin ar feitheamh AGUS go seolfaidh an Bord chuig an íospartach míniú ar an bpróiseas agus cuntas ar an dóigh a bhféadfaidh sé páirt a ghlacadh ann. Foráiltear leis freisin don ionadaíocht dhlíthiúil agus don cheart chun aighneachtaí a dhéanamh nó fianaise bhéil a thabhairt don Bhord.

Tá forálacha ann chomh maith lena dtabharfar cosaint don íospartach ar aon díobháil eile. In aon ordú a dheonófar, féadfar a cheangal, mar shampla, nach bhfreastalóidh an ciontóir ar láithreacha sonraithe nó nach mbeidh sé i láthair i gcomharsanacht láithreacha sonraithe nó nach ndéanfaidh sé cumarsáid dhíreach nó indíreach le daoine sonraithe.  Féadfar a cheangal ann freisin nach mbeidh cead ag an duine is ábhar don ordú taisteal lasmuigh den dlínse agus, le linn dó ordú a bhreithniú, féadfaidh an Bord faisnéis a lorg ó aon duine a measann sé go bhfuil leas aige san iarratas, an t-íospartach san áireamh.

Ba cheart dom a rá freisin go leanann Seirbhís Idirchaidrimh Íospartach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann le tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh trí dhul i dteagmháil leo ar bhealach oscailte fiúntach chun a chinntiú go bhfaigheann siad faisnéis, tacaíocht agus cosaint chuí.  I gcás na n-íospartach nó a ngaolta a chláraíonn leis an Scéim, tugtar fógra dóibh roimh ré faoin athbhreithniú a dhéanfaidh an Bord ar an bpríosúnach agus cuireann an tOifigeach Idirchaidrimh Íospartach iad ar an eolas faoin gcinneadh a eascraíonn as an athbhreithniú.”

Chuir an Teachta Jim O’Callaghan an Bille Parúil nua síos agus ghlac an Rialtas leis ina dhiaidh sin. Leis an mBille, bunófar an Bord Parúil mar chomhlacht reachtúil neamhspleách. Cuspóir beartais le tréimhse fhada anuas is ea an Bord Parúil a bhunú mar chomhlacht neamhspleách, agus mhol an Grúpa Athbhreithnithe ar Bheartas Pionósach, an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí agus an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart, Cosaint agus Comhionannas go ndéanfaí amhlaidh freisin. Dúirt an tAire: “Leagfar leis an mBille an fhreagracht ar an mBord neamhspleách as parúl a dheonú do phríosúnaigh incháilithe agus leagtar amach ann na critéir a chuirfear san áireamh agus an méid sin á dhéanamh. Áirítear leis na critéir sin an baol don tsábháilteacht phoiblí agus a mhéid a chabhróidh an saoradh leis an bpríosúnach a athimeascadh isteach sa tsochaí. Leagtar amach sa Bhille freisin na téarmaí le haghaidh duine a mheas a bheith incháilithe don pharúl, lena n-áirítear togra le haghaidh an tréimhse incháilitheachta a mhéadú go 12 bhliain ar a laghad mar am caite do phríosúnaigh phianbhreithe saoil. Is mór idir sin agus an córas riaracháin reatha, áit a mbreithnítear pianbhreitheanna saoil den chéad uair tar éis tréimhse seacht mbliana.”

D’fhógair an tAire athcheapadh Shane McCarthy, Willie Connolly, Eddie Rock agus Nora McGarry chuig an mBord ar feadh tréimhse eile 12 mhí freisin.

Críoch

Nóta d’Eagarthóirí:

Cuireadh an Bord Parúil ar bun ar bhonn riaracháin agus in áit an Ghrúpa um Athbhreithniú Pianbhreithe i mí Aibreáin 2001.  Tá sé ina chomhlacht neamhreachtúil neamhspleách, ar bhunaigh an Rialtas é chun comhairle a chur ar an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le bainistiú daoine atá ag cur pianbhreitheanna fadtéarmacha príosúin isteach.

Faoi mar atá an scéal faoi láthair, féadfaidh an Bord athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna príosúnach ar ar gearradh pianbhreitheanna cinntithe os cionn 8 mbliana ach faoi bhun 14 bliana i gcás gur chuir an príosúnach leath na pianbhreithe isteach. Maidir le príosúnaigh ar ar gearradh pianbhreith 14 bliana nó níos mó nó ar ar gearradh pianbhreith saoil, déanfar athbhreithniú ar a gcás tar éis dóibh tréimhse 7 mbliana a chur isteach. Ní áirítear leis an bpróiseas parúil príosúnaigh atá ag cur pianbhreitheanna isteach i leith cionta áirithe, amhail ball den Gharda Síochána nó den tSeirbhís Phríosúin a dhúnmharú agus iad ar dualgas.

Trí mholadh, cuireann an Bord comhairle ar an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an bpríosúnach go dtí seo, maidir lena mhéid a chomhoibrigh an príosúnach leis na seirbhísí teiripeacha éagsúla agus maidir leis an mbealach is fearr chun an phianbhreith a riar as seo amach. Déanann an tAire breithniú iomlán ar na moltaí a chuirtear faoina bhráid ansin sula ndéanann sé cinneadh deiridh maidir le bainistiú na pianbhreithe.

Is é an tAire a cheapann na comhaltaí den Bhord. Tá ceithre chomhalta dhéag ann faoi láthair, ar ceapadh gach duine díobh ar bhonn a dtaithí, a scileanna agus a gcáilíochtaí foirmiúla don ról.

Fís Amháin Státseirbhís