24 Bealtaine 2018

 

Rinne Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ordú Tosach Feidhme agus ordú Lá Bunaithe don Acht um Chosaint Sonraí, 2018, a shíniú um thráthnóna. Ritheadh an tAcht i ngach céim de Thithe an Oireachtais Dé Máirt agus achtaíodh é roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta). Tiocfaidh an Rialachán Ginearálta i bhfeidhm amárach an 25 Bealtaine 2018.

Ag labhairt dó tar éis thosach feidhme an Achta, dúirt an tAire:

“Tá lúcháir orm tosach feidhme an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, a fhógairt. Leis an Acht, tugtar éifeacht do na réimsí teoranta sin ar ina leith a cheadaítear solúbthacht faoin Rialachán Ginearálta; déantar an Treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí a thrasuí i ndlí na hÉireann; cuirtear Coimisiún um Chosaint Sonraí in áit an Choimisinéara Cosanta Sonraí; agus foráiltear do leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar roinnt Achtanna.

A bhuí leis an Rialachán Ginearálta agus leis an reachtaíocht seo, tá muinín agam go mbeidh ár ndlíthe cosanta sonraí oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach. Foráiltear le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil “ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint”. Is é aidhm an Rialacháin Ghinearálta agus an Achta um Chosaint Sonraí daoine a chumasú an ceart sin a fheidhmiú i ndáiríre.

Tá ár ndlí reatha bunaithe ar an treoir maidir le cosaint sonraí a d’eisigh an tAontas Eorpach sa bhliain 1995. Mar sin, ceapadh é roimh an ollúsáid a bhaintear sa lá atá inniu ann as an Idirlíon, as gléasanna boise, as aipeanna agus cluichí, as líonrú sóisialta agus as anailísíocht sonraí. Is nithe iad sin a bhfuil bailiú agus próiseáil ár sonraí pearsanta i gceist le gach ceann díobh agus is minic a dhéantar an méid sin chun críocha nach bhfuil soiléir dúinn nó nach bhfuilimid ar an eolas fúthu. Neartófar leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí an smacht atá againn ar ár sonraí pearsanta agus ar na críocha ar chucu a fhéadfar ár sonraí pearsanta a úsáid.

Fianaise ar a thiomanta atá an Rialtas dá chinntiú go n-éireoidh leis an gcóras nua cosanta sonraí is ea an cistiú suntasach agus na hacmhainní suntasacha atá á n-infheistiú sa Choimisiún um Chosaint Sonraí. Is fiú €11.7m é buiséad an Choimisiúin um Chosaint Sonraí don bhliain 2018. Is méadú é sin ar an mbuiséad €7.5m agus €1.7m a bhí ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí sna blianta 2017 agus 2013 faoi seach. Mar thoradh ar an mbuiséad méadaithe sin, bhí an Coimisiún in ann líon suntasach daoine a earcú cheana féin agus tá sé beartaithe aige a líon foirne a mhéadú go 140 duine faoi dheireadh na bliana. Is é an toradh a bheidh ar an infheistíocht sin agus ar na cumhachtaí forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Rialachán Ginearálta agus san Acht araon go mbeidh sách acmhainní agus modhanna ar fáil don Choimisiún chun an córas nua cosanta sonraí a fhorfheidhmiú go héifeachtach.”

Ach amháin i gcás alt 7(3) (de réir mar a bhaineann sé le hIonstraim Reachtúil Uimh. 95 de 1993, a mhéid atá feidhm ag na Rialacháin sin maidir leis an mBanc Ceannais) agus ailt 25, 30 agus 176(b) den Acht um Chosaint Sonraí, fágann síniú na nOrduithe go dtiocfaidh an tAcht i bhfeidhm amárach an 25 Bealtaine 2018. Cuirfear an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar bun le héifeacht ón 25 Bealtaine freisin.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a raibh ról acu sa mhórphíosa oibre seo a thabhairt chun críche. Áirítear leo sin mo chuid comhghleacaithe sa dá Theach den Oireachtas, a chuir cuid mhór uaireanta sa sceideal Parlaiminteach i leataobh chun an Bille seo a chur faoi réir grinnscrúdú agus é á rith trí na Tithe.”

CRÍOCH

Nóta d’eagarthóirí:

Tar éis idirbheartaíocht a mhair tamall fada, comhaontaíodh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) go luath sa bhliain 2016 agus beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018 [Rialachán (AE) 2016/679]. Cé go bhfuil gach Rialachán ón Aontas Eorpach ina ionstraim dlí is infheidhme go díreach agus toisc nach gnách gur gá aon dlí náisiúnta a cheapadh chun éifeacht dhlíthiúil a thabhairt dó, is é atá sa Rialachán Ginearálta roinnt forálacha lena dtugtar méid beag solúbthachta do na Ballstáit.

I gcomhthráth le teacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta, tiocfaidh Treoir [Treoir (AE) 2016/680] i bhfeidhm lena leagtar síos caighdeáin chosanta sonraí le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

Foráiltear leis an Rialachán agus leis an Treoir d’athruithe suntasacha a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha cosanta sonraí; foráiltear leo do chaighdeáin níos airde chosanta sonraí a chur i bhfeidhm d’ábhair sonraí agus forchuirtear leo oibleagáidí méadaithe ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí. Is ionann cuid mhór dá bpríomhchoincheapa agus dá bpríomhphrionsabail agus iad sin atá sna hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Tugtar isteach leis an Rialachán agus leis an Treoir araon, áfach, eilimintí nua agus feabhsuithe suntasacha a mbeidh gach eagraíocht atá ag gabháil do shonraí pearsanta a phróiseáil breithniú mionsonraithe a dhéanamh orthu.

Foráiltear leis an dá ionstraim do chur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh, a fhágann go gceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí aonair agus ar phróiseálaithe sonraí aonair bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bpróiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán agus chun go mbeidh siad in ann a thaispeáint go mbíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán, agus aird á tabhairt ar chineál, raon feidhme, comhthéacs agus cuspóirí na próiseála agus na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine aonair, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil. Cuirtear tuilleadh béime iontu ar chuntasacht agus ar shlándáil sonraí pearsanta. Cuirtear sa Rialachán freisin béim ar leith ar thrédhearcacht.

Is é aidhm an Rialacháin leibhéal aonfhoirmeach cosanta sonraí a chinntiú ar fud an Aontais Eorpaigh agus cothrom iomaíochta a thabhairt dóibh siúd a dhéanann gnó sa mhargadh aonair digiteach.

Leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018, tugtar éifeacht do na réimsí teoranta sin ar ina leith a cheadaítear solúbthacht faoin Rialachán; déantar an Treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí a thrasuí sa dlí náisiúnta; agus cuirtear Coimisiún um Chosaint Sonraí in áit an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun a chinntiú go bhforchuirfear an córas nua cosanta sonraí go héifeachtach. Foráiltear leis an Acht freisin do roinnt leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar Achtanna atá ann cheana, agus é mar phríomhaidhm leo tagairtí do na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, a thabhairt cothrom le dáta.

Fís Amháin Státseirbhís